Seoladh taighde 'Sólas na nÓg'

Seoladh taighde úr bunaithe ar sheirbhísí ‘Sólas na nÓg’ ag Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta in Óstán Chathair Ard Mhacha ar na mallaibh, in éineacht leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le Comisinéir na Leanaí, Chris Quinn.

Ba í an Dr. Órla Nig Oirc, Oifigeach Forbartha Gnó de chuid Glór na Móna, a rinne an taighde iontach seo go neamhspleách, taighde a dhéanfaidh difear nach beag do pháistí a bhfuil sainriachtanais oideachais orthu agus d’earnáil na Gaeilge agus Gaeloideachais go ginéaralta.

Cuireadh tús le ‘Sólas na nÓg’ in 2019, cumann óige do pháistí agus déagóirí a bhfuil sainriachtanais oideachais orthu, mar gheall go raibh ardú suntasach ar líon na ndaoine óga a bhí ag teacht tríd na ghnáthchumann óige agus sainriachtanais orthu. D’aithin foireann Shólas na nÓg nach raibh an tseirbhís ag feidhmniú mar is ceart dóibh agus mar sin bhí siad ag iarraidh seirbhís a chur i bhfeidhm a bheadh dírithe ar na daoine óga agus oiriúnach dá bhforbairt. Tugadh maoiniú don chlub a bheith oscailte oíche amháin in aghaidh na seachtaine agus ansin d’fhorbair sé le bheith oscailte don dá aoisghrúpa trí oíche sa tseachtain, rud a bheas ina chuidiú iontach.

Labhair Meon Eile leis an Dr. Órla Nig Oirc, le Comhordaitheoir Tionscadail Shólas na nÓg, Pádraigín Mhic Mhathúna agus leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir.

Is féidir an tuairisc taighde a léamh anseo.

Close
Close