Cnoc an Anfa: Tuairimí an phobail

Tá an rialtas ó thuaidh ar ais ag feidhmiú agus i mbun oibre arís ag Cnoc an Anfa i ndiaidh briseadh dhá bhliain mar gheall ar an imní a bhí ar an DUP faoi shocruithe trádála tar éis Brexit. 

Den chéad uair ariamh, ceapadh Céad-Aire ó pháirtí nach páirtí aontachtach é, sin Michelle O'Neill ó Sinn Féin. Is í Emma Little-Pengelly Leas-Chéad Aire an uair seo. 

Labhair Meon Eile le roinnt daoine lena dtuairimí a fháil faoin fhorbairt seo agus faoi na tosaíochtaí ba chóir a bheith ag an Tionól amach anseo: le Caoimhín Mac Colaim, Cathaoirleach Choiste an Tuaiscirt ag Cumann Múinteoirí Éireann faoi éileamh pá múinteoirí; Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge faoi Acht na Gaeilge agus go háirithe ceapadh an Choimisinéara Teanga go luath; leis an tuismitheoir Michaeline O'Donnell faoi chostas chúraim leanaí agus le Fearghal Mac Bhloscaidh, Léachtóir Staire i gColáiste Ollscoile Naomh Muire.

Close
Close