Imní léirithe ag 'Gaeloideachas' faoin mhúnla nua atá fógartha maidir le soláthar múinteoirí riachtanais speisialta oideachais.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil Aonad nua Gaeltachta bunaithe ag an Roinn Oideachais ó dheas faoi stiúir an Dochtúra Treasa Kirk.

Tá beirt eile ceaptha mar chuid den Aonad nua Gaeltachta fosta.

Is iad sin, Roisin McCauley atá mar Phríomhoifigeach Cúnta agus, Derek Hollingsworth atá ceaptha mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin.

Is faoin Aonad nua Gaeltachta a bheidh sé an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm.

De réir na Roinne Oideachais beidh an polasaí curtha i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Ach táthar a rá go bhfuil siad amhrasach faoin pholasaí nua go fóill, mar gheall ar an easpa eolais atá ann maidir leis na hachmainní a bheidh ar fáil dóibh.

Chomh maith leis seo, tá imní léirithe ag an eagraíocht Gaeloideachas faoin mhúnla nua atá fógartha maidir le soláthar múinteoirí do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. 

Ag caint le Meon Eile inné dúirt, Uachtarán Ghaeloideachas, Yvonne Ní Mhurchú "nach n-aithníonn an córas nua atá beartaithe ag an Roinn Oideachais an dúshlán breise a bhaineann leis an teagasc trí Ghaeilge"

Faoin mhúnla nua, ní thitfidh sé ar thuismitheoirí a chruthú feasta go bhfuil riachtanais speisialta ar a bpáistí. 

Beidh múinteoirí acmhainne dá gcuid féin ag scoileanna ón fhómhar ar aghaidh.  

Ach, deir Gaeloideachas nach bhfuil riachtanais pháistí atá san earnáil lán-Ghaeilge tugtha san áireamh, agus go bhfuil an córas nua ag teacht salach ar an Pholasaí nua Oideachais don Ghaeltacht.

Beidh cruinniú ag Gaeloideachas leis an Roinn Oideachais an tseachtain seo chugainn leis an scéal a phlé.

Close
Close