Suíomh úr faighte ag Oispís na Gaillimhe ach grúpaí comhshaoil ina choinne

Tá feachtas ar siúl faoi láthair ag Oispís na Gaillimhe chun foirgneamh úr a thógáil ar mhóinéar Pháirc Mheirlinne i ndiaidh 5 bliana ag iarraidh theacht ar shuíomh a bhí fóirsteanach dó.

Tá sé beartaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte píosa talaimh 14 acra i bPáirc Mheirlinne a dhíol leis an Oispís.

Ach ní gach duine atá i bhfabhar na bpleananna seo.

Tá an grúpa ‘Friends of Merlin Woods’ agus grúpaí eile in éadan aon fhorbairt ar an suíomh seo, agus iad ag impí ar an chomhairle cathrach gan ligint don Oispís nó duine ar bith eile an talamh seo a fhorbairt, mar gheall ar an bhithéagsúlacht luachmhar atá le fáil ann.

Tá na mílte duine i ndiaidh achainí ar líne a shíniú ar son agus in aghaidh fhotbairt na hOispíse.

Oispís na Gaillimhe

Deir príomhfheidhmeannach na hOispíse Mary Nash go bhfuil ‘géarghá’ le forgneamh nua a thógáil.

Ag caint le Meon Eile dúirt sí, cé gur chuir siad 50% le líon na leapacha ar ais i mí Éanair, tá daoine ar liostaí feithimh acu go fóill.

Dúirt sí fosta nach bhfuil siad ábalta aon fhorbairt eile a dhéanamh ar an suíomh ina bhfuil siad lonnaithe faoi láthair.

Ag caint faoi thábhacht na seirbhíse, dúirt sí go bhfuil méadú mór tágtha ar an eileamh do sheirbhísí na hoispíse le roinnt blianta anuas agus go mbeidh fás ar an uimhir seo sna blianta atá le theacht.

Tá an píosa talaimh i bPáirc Mheirlinne zónáilte fá choinne Áineasa agus Conláistí faoi láthair, agus tá sé faoi Chomhairle Cathrach na Gaillimhe seo a athrú ionas go mbeidh cead ag oispís na Gailimhe leanúint ar aghaidh lena gcuid pleananna.

Ag an chriunniú deireanach vótáil na comhairleoirí cathrach 11/6 ar son na forbartha seo ar 7 acra den talamh.

Tar éis tréimhse chomhairliúcháin, is faoi chomhairleoirí cathrach atá sé arís cinneadh a dhéanamh ar an suíomh 14 acra.

Caithfidh siad vóta don darna huair ag deireadh na míosa.

Close
Close