Suirbhé Melted Parents NI seolta

Léiríonn torthaí ó shuirbhé a rinne an grúpa feachtasaíochta Melted Parents NI an tionchar millteanach atá á imirt ag costais cúraim leanaí ar theaghlaigh i dTuaisceart na hÉireann.

Bhunaigh grúpa tuismitheoirí Melted Parents NI i mí an Mhárta i mbliana mar gheall go raibh frustrachas orthu faoin easpa tacaíochta a bhí ar fáil don chúram leanaí ó thuaidh i gcomparáid le háiteanna eile.

Ghlac beagnach 3000 tuismitheoir páirt sa suirbhé agus seoladh é go hoifigiúil i Stormont an tseachtain seo caite. I measc na ndaoine a bhí i láthair ar an lá, bhí tuismitheoirí agus baill den ghrúpa iad féin, chomh maith le neart tacadóirí, 37 bhFeisire, agus gnónna agus carthanachtaí.

Labhair Rebecca Harper, Adam Patrick agus Casey McGivern ó Melted Parents NI agus roinn siad na torthaí suntasacha a tháinig chun solais sa suirbhé. Labhair na Feisirí Sinéad McLaughlin ón SDLP, Diane Forsythe ón DUP agus Kate Nicholl ó Alliance.

De réir an tsuirbhé, dúirt 83.4% de na tuismitheoirí go bhfuil an costas cúraim leanaí ag imirt tionchar diúltach ar a meabharshláinte. Dúirt 69.4% de na tuismitheoirí go bhfuil siad ag smaoineamh faoi imeacht ó áit oibre s’acu nó faoi níos lú uaireanta a dhéanamh mar gheall ar an chostas atá ar chúram. Dúirt níos mó ná 80% go bhfuil an costas ar chúram leanaí ina phríomhchúis dóibh gan páistí eile a bheith acu.

Tá Melted Parents ag iarraidh go mbeadh sé ina thosaíocht ag na páirtithe polaitíochta straitéis cúram leanaí a chur i bhfeidhm nuair a bheas Stormont ag feidhmiú arís. Tá siad ag iarraidh go mbeidh na polaiteoirí ar fad ag comhaontú lena chéile chun é a chur ar an chlár oibre ón chéad lá den Fheidhmeannas agus go bhfoilseofar tréimhse ama faoina mbeidh an straitéis curtha i gcrích, taobh istigh den chéad 100 lá den Fheidhmeannas úr.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Melted Parents anseo agus tuairisc ón suirbhé a léamh anseo.

Close
Close