'Royal does Strictly'

Is é Ospidéal Ríoga Leanaí Bhéal Feirste an t-aon ospidéal do leanaí sa tuaisceart ná sa Bhreatain gan scanóir MRI. Bíonn ar pháistí atá ag tinn agus ag fulaingt taisteal chuig ospidéil eile chun na seirbhisí atá uathu a fháil nó bíonn orthu leigheas a fháil san ospidéal do dhaoine fásta.

Tá sár-iarrachtaí déanta ag an bpobal chun airgead a bhailiú ionas go mbeadh na seirbhisí is fearr le fáil i mBéal Feirste do pháistí a mbíonn seirbhisí scannóir MRI ag teastáil uathu.

I measc na n-imeachtaí ar fad a reachtáladh chun airgead a bhailiú bhí Royal does Strictly ar siúl an deireadh seachtaine seo caite. Bhí dochtúirí, altraí agus realtanna ag damhsa le chéile os comhair slua mór daoine chun airgid a chruinniú do scannóir MRI, agus bhí neart spraoi ann ar an oíche. Chaith siad oíche Aoine ag damhsa sa Ramada i mBéal Feirste agus oíche Sathairn in ionad an Titanic.

Tá costas £4 milliúin ar scannóir MRI agus táthar muiníneach go mbeidh leath an airgid sin bailithe acu roimh mhí Mhárta 2013. I rith na seachtaine gheall an tAire Sláinte Edwin Poots go mbeadh a roinn ag infheistiú £2.75 milliúin le haghaidh an scannóir.

'Royal does Strictly' / Sarah de Búrca

Tá moladh mór ag dul do gach duine a ghlac páirt i ‘Royal does Strictly’ agus gach duine atá ag bailiú airgid ar son na cúise seo.

Tar éis na hoibre crua ar fad tá deá-scéala faighte agus is cinnte go mbeidh scannóir MRI le fáil in Ospidéal Ríoga Leanaí Bhéal Feirste roimh dheireadh na bliana seo chugainn.

Close
Close