G8 in Éirinn - Deis don phobal ár nguth a ardú

G8 ag Loch Éirne
G8 ag Loch Éirne

Conall Ó Máirtín

Tá ceannairí ó chuid de na tíortha is saibhre ar domhan ag teacht go Tuaisceart na hÉireann i Meitheamh na bliana seo chugainn chun comhdháil eacnamíochta uimhir 39 a bheith acu in Ionad Saoire Loch Éirne.

Le seachtain anuas tá fáilte tugtha ag polaiteoirí ón tír seo agus ón Ríocht Aontaithe roimh chinneadh David Cameron an mhórócáid a reachtáil i gContae Fhear Manach, áit a mbeidh Barak Obama, Angela Merkel, Vladimir Putin agus ceannairí eile na ngeilleagar is cumhachtaí ar domhan ag teacht le chéile chun pleaneáil a dhéanamh i gceantar iargúlta, ciúin agus séimh i measc na lochanna.

In ainneoin na dea-scéaltaí atá cloiste againn fán tionchar a bheas ag an chomhdháil seo ar eacnamaíocht na sé chontae, is beag fáilte a bheadh agam féin roimh an teacht le chéile seo.

Tá ráitis tugtha faoi na poist a chruthófar sna tithe ósta, sna bialanna agus ag fir tacsaí sa cheantar maguaird ach ar cheart dúinn bheith sásta glacadh leis an comhdháil seo ar mhaithe le hairgead?

Mar a tharla in Gleneagles na hAlban in 2005, tháinig na sluaite amach chun déistin agus uafás s’acu a léiriú in éadan an G8.

Thit foréigean agus círéibeacha amach agus rinneadh na mílte punt damáiste ag lámha na n-agóideoirí.

Cén fáth go raibh an oiread déistine orthu siúd ach ag an am céanna go bhfuil muidine anseo ag cur fáilte roimh an ghrúpa seo?

Thug Gleneagles deis don ghnáthdhuine a rá nach bhfuil siad sásta leis an dóigh a gcoinníonn an G8 an saibhreas atá acu dóibh féin.

Tá súile an G8 druidte agus dall ar ghorta i dtuaisceart na hAfraice agus in áiteanna eile sa tríú domhan; ar an scrios atá déanta ar an timpeallacht ag comhlachtaí ó thíortha s’acu; ar an éigniú agus argain atá déanta ar acmhainní nádúrtha an domhain; ar an damáiste a dhéanann tionsclaíocht s’acu do na hoighearchaidhpeanna…

Ach anseo sa Tuaisceart tá muid ag tabhairt ardmholadh dúinn féin gur roghnaigh siad teacht anseo.

Ba cheart dúinn ciall a bheith againn. Cinneadh ciniciúil agus glic atá ann. Tá suíomh roghnaithe ag Cameron atá timpeallaithe ag locha.

Roghnaíodh an t-ionad gailf seo mar go síleann Cameron go mbeidh sé níos fusa é a chosaint agus ar ndóigh tá an dearcadh ann anois go bhfuil na hÉireannaigh chomh fáiltiúil sin go gcuireann siad aoibh gháire agus barróg roimh chuaiteoir ar bith.

An síleann Cameron agus ceannairí an G8 go bhfuil muid bománta?

An síleann siad, cionn is nach bhfuil cogadh sa tír seo anois, go bhfuil muid sásta glacadh le haon rud?

Is dóigh liom go bhfuil rud cáillte againn sa tír seo, is é sin bheith ábalta teacht amach i gcóinne cinntí rialtais.

Mar gheall ar an chlár comhionannais ina bhfuil muid sna sé chontae tá eagla ar mhuintir na tíre dul i mbun agóide ar na sráideanna.

Tá aiféaltas orainn ar eagla do dtitfidh foréigean amach ar na sráideanna arís. Tá an scéal céanna ann sa deisceart.

Tugadh tír na Reibiliúnaithe orainn lá den tsaol. Bhí aitheantas fáighte againn mar chine nach raibh sásta an fód a gheilliúint.

Ach nuair a amharcann tú ar an dóigh ar ghéill muid do na bancanna ní chréidfeá gurbh í an tír chéanna atá i gceist.

Níor mhaith liom go mbeadh foréigean ar na sráideanna ach nár cheart dúinn teacht amach as na seomraí suí agus na bóithre a dhruidim, ár nguthanna a ardú agus a rá leis na ceannairí seo nach bhfuil muid sásta iad a bheith inár measc?

Seo seans dúinn a rá le Obama go bhfuil súile an domhain sibhialta faoi ghruaim mar gheall ar an seasamh atá aige ar an slad leanúnach in Gaza.

Nuair a bhí na vótaí de dhíth air bhí sé toillteanach piontaí a ól le Henry.

Chuaigh sé sa tóir ar Osama Bin Laden ach ní fheiceann muid an tsár-iarracht chéanna uaidh chun déileáil leis an ollpheist eile sin sa seomra – ceannairí domhanda na mbancanna.

Seo deis dúinn a rá leis nach amadáin muid, go bhfuil muintir na tíre seo ag iarraidh gnímh ar mhaithe le muintir na Palaistíne agus gur cheart do Obama, leis an tréimhse ceithre bliana atá aige anois, seasamh suas in éadan ionadaithe cumhtacha saibhre Iosrael atá ag tarraingt an téide ina dtír féin.

Is ionann an scéal le Merkel agus Putin.

Ní bheidh deis eile mar seo againne a rá leo nach n-aontaíonn muid leis na srianta atá curtha ar ghnáthdhaoine ó dheas mar gheall ar na cionníollacha atá leagtha síos ar bhuiséad na tíre ag freisirí sa Bundestag.

Ba cheart dúinn cur in iúl do Putin gur chaith muidine sa tír seo go leor ama faoi leatrom agus nach bhfuil fáilte roimhe agus an droch-thaifead cearta daonna atá aige.

Cé go dtáinig ár bpolaiteoirí amach ag míniú dúinn go gcuireann an chomhdháil seo Tuaisceart na hÉireann ar an ardán idirnáisiúnta agus go mbeidh sé go mór ina chuidiú don earnáil turasóireachta, is é seo ardán dúinn a rá, mar a dúirt Obama é féin minic go leor, go bhfuil Athrú de dhíth orainne.

Athrú ar scrios na timpeallachta. Athrú ar shaint na dtíortha seo ar acmhainní nádúrtha an tríú domhain. Athrú ar an todhchaí núicléach atá amach romhainn faoi láthair. Athrú ar an slad sa Mheán Oirthear agus ceantair eile ar domhan.

An mbainfidh muid úsáid as an ardán chun an t-athrú atá uainn a chur in iúl?

Close
Close