Craobh Uí Thuama seolta i mBunscoil Phobal Feirste

Bhailigh scaifte breá i mBunscoil Phobal Feirste ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste ar na mallaibh don chéad rang Gaeilge de chuid ‘Craobh Uí Thuama’.

Ainmníodh an togra seo i gcuimhne ar Dhiarmuid Ó Tuama, duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus Bhunscoil Phobal Feirste.

Is iad Cuisle Nic Liam agus Conchuir Mac Siacais a tháinig aníos leis an smaoineamh nuair a thug siad faoi déara go raibh éileamh mór ar ranganna Gaeilge i gceantar Bhaile Andarsan ach nach raibh aon togra ann go dtí sin.

Cé go raibh faitíos ar na bunaitheoirí ag an tús, roimh i bhfad bhí beagnach 80 duine cláraithe do na ranganna Gaeilge.

Thug Meon Eile cuairt ar oíche an tseolta agus labhair muid le Séamus Ó Tuama, Príomhoide Bhunscoil Phobal Feirste, faoin bhród atá air go bhfuil an chraobh ainmnithe i ndiaidh athair s’aige. Labhair muid fosta le Conchuir Mac Siacais agus le Maedhbh Nic Aindreasa atá ar choiste Chraobh Uí Thuama faoin dóigh ar thosaigh an smaoineamh agus faoin dóchas atá acu don todhchaí.

Má tá suim agat freastal ar na ranganna i mBunscoil Phobal Feirste, thig leat ‘Craobh Uí Thuama’ a leanúint ar Facebook , Instagram , nó Twitter .

Close
Close