Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais bronnta ar Eoghan Ó Néill

Bronnadh Buaic-Ghradam an Oireachtais ar an iriseoir aitheanta Eoghan Ó Néill as Béal Feirste ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gCill Airne aréir. Tugann an gradam seo aitheantais do ‘shaothar saoil in earnáil na mean cumarsáide Gaeilge’ agus tá sé ar na duaiseanna is mó i saol na meán Gaeilge.

Thosaigh turas iriseoireachta Eoghain sa bhliain 1981 nuair a bhunaigh sé Preas an Phobail i gcomhpháirt le Gearóid Ó Cairealláin. Ó shin i leith tá sé ag cur le hearnáil na meán Gaeilge ó thuaidh, fríd an nuachtán ceannródaíoch Lá, Raidió Fáilte - áit a bhfuil sé ina chraoltóir le beagnach 30 bliain - agus tograí go leor eile.

Bhí an deis ag Meon Eile comhrá a bheith againn le hEoghan é féin agus d’inis sé dúinn faoina shaol sna meáin. Dúirt sé nach mbeadh sé ag éirí as am ar bith feasta agus thug sé comhairle den scoth d’aon duine a bheadh ag iarraidh dul leis an iriseoireacht.

Close
Close