"An pá céanna don obair chéanna" - Breis agus 17,000 múinteoir i mbun picéid inné

Bhí os cionn 17,000 múinteoir de chuid Cheardchumann na Meánmhúinteoirí i mbun picéid taobh amuigh de 525 scoil ar fud na tíre inné agus iad ag lorg comhionannais sa phá do mhúinteoirí nua-cháillaithe.

Seo an chéad lá stailce as seacht gcinn beartaithe ag an chumann idir seo agus an Nollaig.

Léirigh an tAire Oideachias Richard Bruton díomá faoin stailc lae inné.

Breis agus 500 meánscoil druidte de bharr stailc Chumann na Meánmhúinteoirí

Ní thabharfaidh baill an ASTI faoi dhualgaisí feitheoireachta ná ionadaíochta ón 7ú lá de mhí na Samhna ar aghaidh ach an oiread, agus beidh na céadta meánscoil druidte dá bharr.

Tá brú anois ar Chumann na Meánmhúinteoirí agus an tAire Oideachais teacht ar réiteach thar an briseadh lár-théarma.

Dúirt Uachtarán Chumann na Meánmhúinteoirí, Ed Byrne, inné áfach go mbeidh siad ábalta dul siar air sin dá dtairgfí coinníollacha oibre níos fearr do mhúinteoirí nua-cháilithe.

Thug an Roinn Oideachais le fios cheana féin nach n-íocfar múinteoirí ón 7ú lá de mhí na Samhna muna mbeidh siad ar fáil lena gcuid dualgas ar fad a chomhlíonadh, feitheoireacht agus ionadaíocht ina measc.

Ach cén tionchar a bheas aige seo ar Chomhaontú Bhóthar Lansdún?

Táthar ag súil go leanfaidh cainteanna idir ionadaíthe ó Cheardchumann na Meánmhúinteoirí agus an Roinn Oideachais ar an tseachtain seo chugainn

Ní hiad Cumann na Meánmhúinteoirí amháin atá ag léiriú a mí-shástacht, afach.

Rachaidh 2,200 Sáirsint agus Cigire i mbun gníomhaíocht thionsclaíoch inniu mar gheall ar chúrsaí pá agus cearta ceardchumainn. 

Close
Close