Aighneachtaí maidir le Comharthaíocht Ghaeilge i Sólann Olympia

Bhailigh grúpaí Gaeilge agus gníomhaithe teanga le chéile ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar na mallaibh chun aighneachtaí a bhronnadh ar an Chomhairle ar son comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i sólann Olympia, atá suite ar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste.

Is spás roinnte é sólann Olympia atá in úsáid ag réimse leathan de dhaoine ar fud na cathrach. Mar shampla, bíonn Scoil an Droichid ag baint úsáid as na háiseanna atá ar fáil acu ar bhonn seachtainiúil.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá suntasach seo agus labhair muid le Cuisle Nic Liam agus le Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge.

Tá siad den bharúil gur chóir don Chomhairle comharthaíocht dhátheangach a chur in airde le cothromas agus cearta teanga a neartú agus leis an Ghaeilge a chur ar ardán taobh leis an Bhéarla, go háirithe i spásanna roinnte poiblí ar nós shólann Olympia.

Close
Close