7000 Múinteoir ar Stailc

Bhí 7000 ball de Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) ó thuaidh ar stailc maidin inné mar gheall ar aighneas pá.

Reáchtáil baill shinsearacha an cheardchumainn slógadh in Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

Níor thosaigh lá scoile na múinteoirí go dtí 12:30 Dé Céadaoin agus iad ar picéad.

Níor ghlac na cúig phríomh-cheardchumann do mhúinteoirí i dTuaisceart na hÉireann leis an ardú de 0% ar phá don bhliain 2015/16 agus ardú de 1% don bhliain 2016/17. Ardú de 1% atá uathu don bhliain 2015/16.

Dúirt an tAire Oideachais Peter Weir cheana go raibh díomá air faoin chinneadh stailce agus nach mbeadh leas ar bith le baint ag páistí, scoileanna ná múinteoirí as. Dúirt sé go bhfuil buiséad na Roinne Oideachais go mór faoi bhrú.

Tá anois go dtí an 26 Eanáir ag an Aire Weir ardú pá de 1% don bhliain 2015/16 a thabhairt do mhúinteoirí nó beidh tuilleadh laethanta stailce le teacht, dar le ceardchumann INTO.

Close
Close