Gradaim NÓS ag ceiliúradh cúig bliana ar an fhód

Oíche spleodrach cheoil agus cheiliúrtha a bhí i nGradaim NÓS 2020 sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.

Bhí Sinéad Ní Uallacháin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta mar bhean an tí ar an oíche inar bronnadh duaiseanna ceoil agus inar sheinm réimse bannaí agus ceoltóirí beo ar ardán an Sugar Club.

Ba iad Kneecap as Béal Feirste a bhí mar bhuaiteoirí móra na hoíche agus trí ghradam ag dul abhaile leo; Banna Ceoil na Bliana, Amhrán na Bliana agus Ealaín na Bliana dá n-amhrán ‘Gael-Gigolos’.

I measc na mbuaiteoirí eile bhí Claire Nic Ruairí as Doire, a bhain an gradam d'Albam Traidisiúnta na Bliana.

Thug Gráinne Holland as Béal Feirste gradam d’Albam na Bliana léi.

Agus bronnadh an gradam don Nuíosach is Fearr ar Ushmush, as Contae an Chláir.

Close
Close