Féile na Meán Ceilteach 2023

Le breis agus 40 bliain anuas, tá an fhéile bhliantúil, Féile na Meán Ceilteach, ag tabhairt le chéile daoine a oibríonn i dtionscal na scannán, na teilifíse agus an raidió sna tíortha agus sna réigiúin Cheilteacha ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar an earnáil agus a gcuid oibre a chur chun cinn.

Is ar an Chlochán Liath, Contae Dhún na nGall, a bhí féile na bliana seo ar siúl agus bhí trí lá lán cainteanna, ceardlann agus comhluadair ann san iarthuaisceart, mar aon le bronnadh na ngradam i rannóga éagsúla.

Lena chois sin bhí RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair agus iad ag craoladh beo ón fhéile, bhí plé ann le foireann léiriúcháin an scannáin mhórchlú An Cailín Ciúin, an chéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchán Oscar agus a bhuaigh an scannán is fearr ag na Gradaim IFTA.

Bhí Meon Eile i lár an aicsin agus labhair muid le ceannasaí TG4 agus cathaoirleach na féile, Alan Esslemont, atá ar na daoine a bhunaigh an fhéile chomh maith. Labhair muid fosta le hÁine Walsh, ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, leis an stiúrthóir scannán Damian McCann agus le hoiliúnaí de chuid an Chiste Craoltóireachta, Aodán Ó Baoill

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Fhéile na Meán Ceilteach anseo.

Close
Close