Dhá thaispeántas nua sa Chultúrlann

Seoladh dhá thaispeántas nua ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste.

Is sa dá ghailearaí, Dánlann Dillon agus Na Ballaí Bána, a bheidh na taispeántais, 'Slabhra na gCuimhní' le Tomas Monteiro agus 'Homing' le Lane Shipsey.

Chruthaigh Lane Shipsey réimse íomhánna trí úsáid a bhaint as colláisí de ghrianghraif a ghlac sí agus í ag taisteal na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.

Bhain Tomas, ar bronnadh Gradam Dillon air le déanaí, úsáid as slabhraí a bhí ceangailte le potaí ceirmeacha chun naisc teaghlaigh agus an fhéiniúlacht aiteach a léiriú.

Bronntar Gradam Dillon ar mhac léinn ealaíne gach bliain - tugtar £500 dóibh agus cuirtear a saothar ar taispeántas i Dánlann Dillon.

Thug Meon Eile cuairt ar sheoladh na dtaispeántas agus labhair muid leis an bheirt ealaíontóirí. Bhí focal againn fosta le Caoimhe Ní Ruanaidh ón Chultúrlann agus le hAisling O'Beirn ón choláiste ealaíne a bhí an-tógtha le saothar a cuid scoláirí a fheiceáil ar taispeántas.

Beidh an dá thaispeántas iontacha sa Chultúrlann go dtí an 7 Iúil.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close