Craoladh Beo RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Féile na Meán Ceilteach 2023

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta breis agus 50 bliain ar an fhód i mbliana agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an chloch mhíle stairiúil sin, bhí craoladh beo speisialta ag dhá chlár mór le rá de chuid an stáisiúin ag Féile na Meán Ceilteach ar an Chlochán Liath ar na mallaibh.

‘Barrscéalta’ le Michelle Nic Grianna agus ‘Bladhaire’ le hÁine Ní Bhreisleáin a craoladh beo ón fhéile agus labhair muid le hÁine díreach sula ndeachaigh sí ar aer.

Ar a bharr sin, mar chuid den cheiliúradh 50 bliain, cuireadh oíche oscailte i láthair ag RTÉ Raidió na Gaeltacha i nDrioglann Chroithí, áit a raibh ceol agus siamsaíocht den scoth. Agus bronnadh an Gradam Torc do ‘Staisiúin Raidió na Bliana’ ar RTÉ Raidió na Gaeltacha i mbliana chomh maith - duais atá breá tuillte ag foireann dhíograiseach chruthaitheach an stáisiúin.

Close
Close