Corn an Oireachtais ag Sean-Nós na Fearsaide 2024

Chruinnigh bunscoileanna áitiúla in Áras Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste ar na mallaibh chun páirt a ghlacadh sa chomórtas cóir, Corn an Oireachtais, don chéad imeacht de chuid Sean-Nós na Fearsaide.

Is féile fhadbhunaithe í Sean-Nós na Fearsaide ina dtugann Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain deis do cheoltóirí ó fud fad na tíre a gcuid tallainne a léiriú os comhair an phobail. 

Thug Meon Eile cuairt ar Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain ar an lá agus phléigh Daithí Mac Uait na himeachtaí a bheidh ag titim amach i rith na féile. Dúirt moltóirí an chomórtais, Caoimhe Ní Chathail agus Caitriona Ní Ghribín, go raibh ardchaighdeán an cheoil le cluinstin i measc na gcór.

Ar deireadh, bhain Gaelscoil Éanna, atá lonnaithe i mBaile na Mainistreach, an corn agus fuair muid cúpla focal ó na daltaí faoin lá shultmhar.

Close
Close