Ceolchoirm SnaG in Institúid Oideachais Marino

Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge inniu agus mairfidh sí go dtí an 17 Márta, Lá Fhéile Pádraig. Le tús Sheachtain na Gaeilge a cheiliúradh, chuir Institúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath ceolchoirm ar siúil le meascán ceoltóirí idir na mic leinn agus an fhoireann teagaisc.

Is pobal teagaisc, foghlama agus taighde í Institiúid Oideachais Marino. Tá clú agus cáil ar Marino ó thaobh na Gaeilge de agus den chéad uair riamh tá cúrsa bunmhúinteoireachta trí Ghaeilge ar fáil ann, an t-aon chúrsa dá chineál dá bhfuil ann.

Thug Meon Eile cuairt ar an champas le haghaidh cheolchoirm Sheachtain na Gaeilge. Labhair muid le beirt léachtóirí, Robbie Irwin agus Máire Nuinseann, mar aon le Eileen Roe, reachtaire an Chumainn Ghaelaigh.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Institúid Oideachais Marino anseo.

Close
Close