Ceolchoirm Huartan

Banna nua iad Huartan atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a mheascann amhráin thraidisiúnta le buillí damhsa nua-aimseartha.

Tháinig ann don ghrúpa tradtronica nuair a d'iarr Stiofán Ó Luachráin ar Catríona Ní Ghribín seanamhráin thraidisiúnta a chanadh thar na rianta teicneo a bhí sé a chruthú. I ndiaidh gig sa Hawthorn Bar in Iarthar Bhéal Feirste, tháinig Miadhachlughain O'Donnell ar bord mar bhall sa ghrúpa. 

Tharraing an fhuaim ar leith atá ag Huartan aird ag go leor féilte agus chaith siad an samhradh ag taisteal na tíre. 

Thug Meon Eile cuairt ar an bhanna ceoil ag an tseiceáil fuaime d'Fhéile Liú Lúnasa i mBéal Feirste. Labhair siad faoi bhunú an bhanna, faoin fhuaim uathúil a chuireann siad ar fáil agus faoin EP atá beartaithe acu. 

 blaiseadh dá seit san fhíseán thuas.

Is feidir dul anseo le tuilleadh eolais a fháil.

Close
Close