Carnlann- ag ceiliúradh 30 bliain de Choiste Forbartha Charn Tóchair

Bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair ar an 8 Eanair 1992 i gContae Dhoire chun tacú le hathbheochan an cheantair thuaithe. Tá an coiste 30 bliain ar an fhód i mbliana agus chun seo a cheiliúradh, sheol siad Carnlann. Is bailiúchán de phictiúir agus earraí cuimneacháin é a thugann léargas ar stair agus oidhreacht na háite.

Bhí deis ag Meon Eile cuairt a thabhairt ar an imeacht iontach seo a bhí lán go dorais le daoine. Labhair muid le Joe Doherty ó An Carn a bhí i gceannas ar na taispeántais éagsúla a chur le chéile.

Labhair muid le Niall Ó Catháin fosta, duine de na stiúrthóirí ar Choiste Forbartha Charn Tóchair, faoi stair an cheantair. Phléigh Déaglán Ó Doibhlin agus Diarmuid de Brún na deiseanna éagsúla a chuireann An Carn ar fáil don phobal áitiúil. Ar deireadh, labhair muid leis an Chéad-Aire, Michelle O' Neill, a thug cuairt ar an ócáid, faoin obair mhór a dhéanann an coiste ó lá go lá le níos mó ná 30 bliain anois.

Close
Close