Teilifís réaltachta - siamsa nó seafóid?

Tá cláracha réaltachta teilifíse ag tarraingt aird an phobail faoi láthair, leithéidí an chláir chleamhnais Pioc do Ride ar TG4, Strictly Come Dancing, X Factor agus I’m a Celebrity, Get Me Out of Here!

Tá tóir mhór ar Pioc do Ride faoi láthair, clár ina mbíonn ar chailín nó buachaill duine a roghnú bunaithe ar an ghluaisteán atá acu ach go bhfuil rogha eile acu dearbhán garáiste a phiocadh seachas dul ar choinne, más mian leo! Is cosúil go bhfuil daoine meallta leis na scéalta, na cleasanna agus daoine mífhortúnacha.

An siamsa agus craic mhaith é seo nó seafóid do na súile?

Labhair muid le beirt i mBaile Átha Cliath a bhfuil aithne acu ar roinnt rannpháirtithe atá ar mhalairt tuairimíochta faoin ábhar…

Barúil ón Bhosca - Teilifís réaltachta
Close
Close