Spiorad na Nollaig – cad é duit?

Tréimhse na Nollag. Cad a chiallaíonn an Nollaig duitse? Coinneal san fhuinneog, bronntanas faoin chrann, sneachta nó comhluadar teaglaigh?

Níl insint béil ar líon na ndántaí, scéalta, amhráin agus scannáin atá cruthaithe mórthimpeall an ama seo bliana.

Tugann am Nollaig seans don chine daonna a bheith dearfach, flaithiúil agus sona. Aithnítear dea-spiorad daonna le linn an tséasúir seo ach go minic feictear dólás taobh an tsóláis ag go leor.

Ar bhosca na seachtaine seo, labhair Meon Eile le daoine i mBéal feirste faoi na gnéithe agus na nithe a théann go smior iontu féin um Nollaig agus faoi bhrí an tséasúir daofa…

Barúil ón Bhosca
Close
Close