Smaointe ar Uachtarán úr SAM

Tá súile an domhain ar Donald J Trump an tseachtain seo i ndiaidh dó a chéad seachtain a chur isteach mar Uachtarán nua ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Dearbhaíonn sé go n-atógfaidh sé an tír ag úsáid “lámha Mheiriceá”, ach ar ndóigh ní gach duine atá sásta leis an scéal.

Cluineann muid tuairimí an phobail an tseachtain seo mar gheall ar an Uachtarán úrnua agus le fáil amach an gcreideann siad an mbeidh sé in ann a chuid geallúintí a chomhlíonadh.

Labhair Meon Eile le hEdel Ní Churraoin agus Grian Ní Dhaimhín chun a mbarúlacha féin ar Trump a fháil.

Close
Close