Cóitseáil MGD seolta

Is iar-mhúinteoir é Michael Gerard Ó Dochartaigh atá anois ag obair mar chóitsealaí saoil.

I ndiaidh dó teacht chuige féin ón dúlagar, shocraigh Michael Gerard staidéar a dhéanamh san Irish Lifecoach Institute chun an méid a d'fhoghlaim sé a chur ar aghaidh agus chun cabhrú le daoine eile déileáil le fadhbanna den chineál céanna.

Bhunaigh sé Cóitseáil MGD i mbliana agus bhí an seoladh oifigiúil aige i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Bhí Ciarán May, Aoife Lennon agus Arron Graffin in éineacht le Michael Gerard ag an ócáid agus labhair gach duine acu faoina gcuid oibre agus taithí saoil féin.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh agus shuigh muid le Michael Gerard a labhair faoina ghairm nua agus cé chomh tábhachtach is atá sé dó cabhrú le daoine eile.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo agus is feidir dul I dteagmáil le Michael Gerard ag [email protected]

Close
Close