Seachtain Dhomhanda ar son Cothú Cíche

Seo an 25ú bliain den tSeachtain Dhomhanda ar son Cothú Cíche. Seachtain í chun máthaireacha a spreagadh triail a bhaint as beathú cíche.

Bíonn 120 tír ar fud na cruinne páirteach sa cheiliúradh achan bhliain.

Anseo in Éirinn, de réir staitisticí an HSE, tá cothú cíche i bhfad níos coitianta in áiteanna saibhre agus uirbeacha ná áiteanna tuaithe.

Siar sa bhliain 2010 bhí líon na máthaireacha in Éirinn a bhí ag tabhairt na cíche dá bpáistí ar an líon is lú amach as 14 tír san Eoraip.

Dár ndóigh ní amanna níl sé indéanta, inmharthana nó oiriúnach d'achan mháthair go mbeadh a leanbh ar a brollach aici.

Labhair Meon Eile le triúr máthaireacha faoin taithí a bhí acu féin agus iad ag iarraidh dul i mbun cothú cíche.

Close
Close