Rúin na Bliana Úire

Le bliain úr tagann dúshlán úr….. rúin na bliana úire!

Achan bhliain geallann an chuid is mó againn go mbeidh muid níos folláine, níos cúramaí lenár gcuid airgid agus go ginearálta go mbeidh muid níos fearr mar dhaoine don bhliain amach romhainn.

Bíonn muid uilig breá dóchasach go n-éireoidh linn ag toiseacht amach agus go mbeidh muid mar dhaoine úra ag an am seo ar an chéad bhliain eile.

Ach ní sin mar a tharlaíonn den chuid is mo. Teipeann ar an chuid is mó againn mar go bhfuil muid ag iarraidh barraíocht a bhaint amach ag an am amháin. Tá sé tábhachtach a bheith réadúil fá dtaobh de. Spriocanna a leagan amach duit féin agus ar ndóigh má theipeann ort níl a dhath le rá nach dtig leat tosnú arís.

Labhair Meon Eile le triúr faoina gcuid tuairimí féin maidir le dea-rúin na bliana úire. Seo a bhí á rá acu…

Close
Close