Ré an Hiopstar thart... ach cad is brí le 'Hipster'?

Tá sé ráite go bhfuil ré an ‘Hipster’ ag teacht chun críche agus go bhfuil ré an ‘Yuccie’ ag teacht chun tosaigh, ach cad is hiopstar ann agus cad faoi Dhia is Yuccie ann?

Le blianta anuas chualamar neart cainte faoi na daoine seo a bhí ina hiopstairí nó daoine ag déanamh rud a bhí ‘hipster’ nó ag rá rud éigin ‘hipster’… ach an tearma maslach é mar sin?

Agus muid amuigh ar na sráideanna ag labhairt faoin ábhar, is cosúil má tá suim agat i gcúsaí faisin, i gcúrsaí ceoil agus má tá tuairimí agus meon agat atá beagán as an ghnáth, is Hiopstar atá ionat. Ag an am céanna tá a fhios againn nach féidir ginearálú a dhéanamh faoi aon duine ar leith ach an oiread.

I measc na rudaí a shíl daone a bheith ‘hiopstar’, bhí féasóga cóirithe, beoir cheirde, bia ón ré na 50í, ceardaíocht reitreo agus faisean nach bhfaighfidh tú sna gnáthshiopaí éadaí.

Seo tuairim beirte a labhair muid ar an lá…

Barúil ón Bhosca
Close
Close