Imeacht Movember eagraithe ag an Ghaelgeoir aitheanta, Cian Ó Gríofa

Chuir Cian Ó Gríofa - nó 'Gaylgeoiri' mar is fearr aithne air ar líne - imeacht ar leith ar siúl an Domhnach seo caite in Street 66 i mBaile Átha Ciath i gcomhar Movember, ócáid charthanachta bhliantúil a théann i ngleic le fadhbanna meabhairshláinte na bhfear.

Ba é an phríomhsprioc taobh thiar den imeacht cruthaitheach seo ná feasacht a fhorbairt agus airgead a bhailliú do Movember, trí bhéim a chur ar cheann de na príomhcheisteanna a bhaineann le Movember - cad is ciall le bheith i d'fhear agus cad is fearúlacht ann i dtaca le sochaí an lae inniu?

Shiúil Cian 15km mar chuid den imeacht ar mheaisín reatha agus é ag caitheamh bróga arda. Bhí comhluadar maith aige afách, agus é i mbun comhrá le seisear cairde dá chuid -  ba iad sin Ross Carter, 'Madra Man', Jack Swift, Michelle McGrath, Sam Kelly agus Ciara McMenamy. Bhí neart plé spreagúil ann eatarthu agus labhair siad go hoscailte faoi aistear s'acu féin i dtaca lena meabharshláinte. 

Ar a bharr sin, bhí painéal spóirt den scoth i láthair le plé a dhéanamh ar mheabhairshláinte na bhfear i saoil an spóirt - ba iad sin Michael Darragh MacAuley, iar-imreoir peile le Baile Átha Cliath, agus triúr as clubanna spóirt LADTA, Graham Flaherty (Emerald Warriors), Adam Keane (Dublin Devils) agus Eoghan Dockrell (Na Gaeil Aeracha). Bhí siamsaíocht iontach ó Bhanríonacha Draig chomh maith, Bobbi Dysmorphia agus Maura Darragh.

Tá an tiomsú airgid go fóill ar siúl ag Cian go dtí deireadh na míosa seo agus is féidir airgead a dheonú anseo.

Close
Close