Mayweather Vs Mc Gregor… Cé acu an mbeidh an bua?


Tá ceann de na troideanna is mó i saol na dornálaíochta ar na bacáin... an Satharn beag seo troidfidh an dornálaí clúiteach, Floyd Mayweather, in éadan an trodaí MMA mór le rá, Conor McGregor.

Tá Mayweather ar cheann de dhornálaithe móra ár linne, tá 49 babhta dornálaíochta proifisiúnta troda aige, agus buaite aige, agus beidh a lucht tacaíochta ag súil go seasfaidh an uimhir sin ag 50 i ndiaidh oíche Dé Sathairn.

Cé go bhfuil Mayweather mar rogha na coitiantachta i measc na ngeallghlacadóirí, ní bheidh sé furasta air an ceann is fearr a fháil ar McGregor, nó ‘The Notorious’ mar is fearr aithne air.

Ach an mbeidh an tÉireannach ábalta dó? Agus caidé a spreag é tabhairt faoin troid seo? Airgead? Mórtas? Ego?

Is cuma má tá grá nó má tá gráin agat ar Conor Mc Gregor, is laoch é i measc lucht tacaíochta MMA.


Tá clú agus cáil ar ‘The nortorious’ ar fud na cruinne, ach i gceann cúpla lá tabharfaidh sé faoi cheann de na dúshláin is mó ina shaol gairmiúil.

Tá go leor cloiste againn le cúpla mí anuas faoin tróid seo, tá go leor ráite ag an dá thaobh, agus táthar ag súil go mbeidh an tróid seo ar cheann de bhuaicphointí spóirt na bliana.

Tá sé ráite go mbeidh suas le 50 milliún ag comhéad ar an troid oíche Dé Sathairn, i SAM amháin!

Ach cé acu an mbeidh an bua? Labhair muid le Cárthach Bán Breathnach, a bhfuil suim mhór aige i gcúrsaí dornálaíochta agus MMA, agus labhair muid leis an trodaí MMA Cormac Ó Copláin le déanaí.

Seo a bhí le rá acu…



Close
Close