Maruithe drongchoirpeachta Bhaile Átha Cliath - cén tionchar ar ghnáthdaoine?

Ochtar a dúnmharaíodh san achrann idir na clanna drongchoirpeachta Kinahan agus Hutch ón gheimhreadh seo caite anall i mBaile Átha Cliath.

Chothaigh na dúnmharaithe caint, cáineadh agus inmí i measc mhuintir na hArdcathrach. Deirtear gurbh i ndeisceart na Spáinne a thosaigh an t-achrann le dúnmharú Gary Hutch.

I ndiaidh an dúnmharaithe sin, cuireadh síol an tsléachta idir an dá thaobh. Maraíodh seachtar eile ó shin, ar bhealach brúidúil, barbartha agus borb faoi sholas lae os comhar an tsaoil mhóir.

Labhair muid le gnáthmhuintir Bhaile Átha Cliath faoi thionchar an achrainn ar shaol agus ar shábháilteacht san ardchathair.

Barúil ón Bhosca
Close
Close