Luan na Gruaime - an 'lá is duairce' sa bhliain romhainn?

Bainigí sult as an deireadh seachtaine seo romhainn mar go bhfuil Luan na Gruaime nó ‘Blue Monday’ ag teacht gan mhoill – lá a thuairiscítear i measc na laethanta is gruama sa bhliain! Deirtear gurb é an tríú Luan i mí Eanair an lá is duairce sa bhliain ar fad.

Ba é an teagascóir Ollscoile, Cliff Arnall, a chuir tús leis an choincheap. Thuar sé an lá ag úsáid foirmle eolaíochtúil a chum sé féin a dhírigh ar aimsir, fiachais agus spreagthacht. Rinne comhghleacaithe le Arnall diancháineadh ar bhunús a thaighde. Faraor, tá scéal ‘Blue Monday’ scáipthe go domhanda in ainneoin na conspóide!

An gcreideann tú go mbíonn laethanta ag an am seo bliana níos duairce ‘s níos diúltaí ná a mhalairt? Tá an cheist seo á cíoradh againn ar bhosca na seachtaine seo…

Luan gruama
Close
Close