Lá Idirnáisiúnta na mBan - cá sheasann an ghluaiseacht?

Déanfar ceiliúradh Dé Domhnaigh seo, 8 Márta, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is comóradh é seo ar mhná agus ar an méid atá bainte amach acu i ngach gné den saol, i gcúrsaí sóisialta, polaitíochta agus eacnamaíochta ach go háirithe.

Ba go luath sna 1900í a tosaíodh an traidisiún seo agus sa lá atá inniu ann tá ardphróifíl ag an lá domhanda. Is iomaí tír ar domhan nach bhfuil an stádas céanna ag mná is atá ag fir agus fiú anseo in Éirinn tá dul chun cinn le déanamh go fóill.

Níl sé i bhfad ó shin nach raibh cead ag mná bheith ag obair nuair a bhí siad pósta anseo ach tá an riail sin caite amach ar chúl a chinn anois, le cóis go leor rialacha seanfhaiseanta eile.

Tá go leor ban óg ar fud na cruinne inniu a thugann spreagadh do chailíní óga ina saol laethúil.Tá an t-aisteoir Emma Watson mar Ambasadóir Goodwill de chuid na Náisiún Aontaithe agus thug sí óráid mhór ar na mallaibh faoi chearta na mban, inár dhúirt sí: “It is time that we all see gender as a spectrum instead of two sets of opposing ideals.”

Ar ndóigh, anseo in Éirinn luaitear Katie Taylor mar laoch de chuid dhornalaíochta na mban. Go traidisiúnta d’amharc go leor ar an dornálaíocht mar spórt fireann ach thaispeáin Taylor dúinn go bhfuil mná chomh maith céanna le fir, nó fiú níos fearr… cinnte ní bheadh mórán fear in Éirinn ag iarraidh dul i mbun troda le Katie!

Labhair Meon Eile le beirt bhan as Ráidió Fáilte le tuairmí s’acu a fháil ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Beidh Raidió Fáilte ag craoladh cláracha speisialta ar Lá Idirnáisiúnta na mBan inniu, Dé hAoine.

Lá Idirnáisiúnta na mBan
Close
Close