‘Spórtúil’ le Joe Mac an Fhailí

Thosaigh Joe Mac an Fhailí ag teagasc ranganna aclaíochta agus nirt ar na mallaibh i Spórtlann na hÉireann, áis spóirt de chuid Choláiste Feirste ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.

Cuireann Joe ranganna ar fáil do dhaoine de chumas ar bith atá ag iarraidh a bheith níos gaiste, níos láidre nó go díreach níos sláintiúla - tá fáilte roimh chách.

Rinne Joe cúrsa sé seachtaine le haghaidh traenálaithe pearsanta agus is ansin a bhuail an smaoineamh é úsáid a bhaint as an ghiom i Spórtlann na hÉireann.

D’aithin Joe go raibh easpa seirbhísí ar fáil i nGaeilge in earnáil na haclaíochta agus na sláinte agus tá sé iontach paiseanta faoin bhearna sin a líonadh agus an tseirbhís a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí i mBéal Feirste.

Is é ‘Spórtúil’ teideal a ghnó úrnua agus is féidir dul i dteagmháil le Joe ar leathanach Instagram s’aige anseo.

Close
Close