Cumhachtaí breise ag Comhairlí d’fhonn tabhairt faoi thithíocht shóisialta

Tá cumhachtaí úra pleanála bronnta ar chomhairlí contae a ligfidh dóibh tionscadail tithíochta sóisialta a cheadú gan gabháil i gcomhairle an Rialtais.

Sheol an tAire Comhshaoil, Alan Kelly treoir chuig comhairlí contae á rá nach gá cead Roinne a lorg nuair is tionscadal tógála ar chostas níos ísle ná €2milliún nó 15 teach atá i gceist.

Iarracht atá i bpleananna an Aire réiteach níos gasta a fháil ar dheacracht na tithíochta sóisialta. Tá imní léirithe áfach, go gceadófaí droch-chinntí pleanála.

Deir An tAthair Peter Mc Verry, a bhíonn ag obair go dlúth le daoine gan dídean, go bhfuil breis agus 100,000 duine ar liosta feithimh do thithíocht shóisialta faoi láthair.

Tá géarchéim na tithíochta sóisialta ina hábhar spairne i ndíospóireachtaí na bpáirtithe polaitíochta agus feachtas an olltoghcháin ag tarraingt ar cheann scríbe. Is é an t-ábhar atá faoi chaibidil againn ar bhosca na seachtaine seo…

Barúil ón Bhosca
Close
Close