Comóradh Éirí Amach na Cásca

Níl i bhfad le himeacht sula gcuirfear tús leis an chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916, tréimhse a aithnítear mar dhúshraith i saoirse na Poblachta agus a spreag na nÓglach deireadh a chur le réimeas na Breataine i mBaile Átha Cliath.

Tá buiséad €22 milliúin curtha ar leathtaobh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do thionscadail, imeachtaí agus ócáidí comórtha. Leoga, tá imeachtaí teanga, cultúrtha agus staire le heagrú ag grúpaí pobail ó cheann ceann na tíre ar a gconlán féin le cois imeachtaí an stáit agus eagraíochtaí pobail.

Cén tuairim atá agat féin ar an cheiliúradh ba cheart a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 agus ar an tréimhse stairiúil sin? An bhfuil an Rialtas flaithiúil nó ainniseach lena mbuiséad comórtha? Labhair Meon Eile inniu le beirt atá ar éagsúlacht tuairimíochta…

Barúil ón Bhosca
Close
Close