Ceardlann Cheoil agus Ghluaiseachta do Pháistí

Cuireadh Ceardlann Cheoil agus Ghluaiseachta do Pháistí ar siúl ar na mallaibh mar chuid de Liú Lúnasa 2023, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Tháinig beirt chairde le chéile, Sinéad McCartney agus Aimee Hegney, leis an cheardlann a chur ar fáil i ndiaidh dóibh a ngnó úr a thosnú tamall ó shin dar teideal ‘Anam Belfast’.

Tá sé mar aidhm acu aireachas a spreagadh i measc páistí agus daoine óga go háirithe, trí ghníomhaíochtaí agus cleachtaí éagsúla. Thosaigh cairdeas na gcailíní agus iad ar mheánscoil Ghaeilge le chéile agus baineann na cailíní an-sult as an teanga a úsáid ina gcuid oibre chomh maith, agus na gníomhaíochtaí go léir a theagasc fríd an Ghaeilge do na páistí.

Tá an-tábhacht leis an chineál seo oibre, agus beidh i gcónaí, go háirithe do pháistí óga agus iad ag dul i dtaithí ar an domhan thart orthu. Is fiú go mór na dea-nósanna seo a spreagadh agus na scileanna ábhartha a chothú iontu ag aois óg, ionas go dtig leo iad a thabhairt leo agus iad níos sine.

Bhí deis againn labhairt le Sinéad agus Aimee roimh an cheardlann.

Is féidir Anam Belfast a leanstan ar Facebook anseo.

Close
Close