Cad a chiallaíonn féiniúlacht chultúrtha duit?

Leis an atmaisféar neamhchinnte i mBéal Feirste le sé seachtaine anuas, tá go leor díospóireachta agus cainte ar fhéiniúlacht chultúrtha.

De ghnáth, bíonn sé seo ceangailte go dlúth leis na rudaí dearfacha a bhaineann le hoidhreacht agus stair grúpa daoine faoi leith. Baineann sé le bród agus mórtas cine, agus cuireann sé go mór le pearsantacht agus indibhidiúlacht an duine.

Mar sin, cad a chiallaíonn féiniúlacht chultúrtha duit féin? Teanga? Ceol? Spórt? No rud éigin eile?

Thug Meon Eile cuairt ar Chúlturlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste chun tuairimí a fháil ó phobal na Gaeilge ann.

Close
Close