Tá an bhliain acadúil ag teacht chun deiridh agus an samhradh ag teannadh linn.
I láthair na huaire tá na mílte mac léinn ag díriú isteach nó ag gearrán faoina scrúdaithe atá rompu.
Do roinnt mhaith acu sin is í seo an bhliain dheireanach a bheidh acu ar an Ollscoil.
Labhair Meon Eile le mic léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara chun freagra na ceiste atá ina n-intinn uile a fhiosrú:
Cén plean atá agat i ndiaidh na hOllscoile?