Cén fhéile cheoil is fearr ag a raibh tú riamh?

Beidh na mílte ag teacht chucu féin inniu agus iad tar eis filleadh abhaile ó cheann de na féilte ceoil is mó ar fud na hEorpa, ‘Oxegen’, a bhí ar siúl i mBaile Phúinse an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.

Tar éis sos bliana a thógáil bhí an fhéile ar ais níos ládire ná riamh le macasamhail Calvin Harris, David Guetta, Rita Ora, Chase and Status, Labrinth agus Alesso uilig ag seinm i gcuideachta go leor eile.

Bíonn an oiread féilte ar siúl le linn an tsamhraidh, féilte móra idirnáisiúnta nó na féilte áitúla a bhíonn ag tarlú fud fad na tíre beagnach gach deireadh seachtaine cosúil le ‘Féile Mháire an Chlocháin Léith’ i dTír Chonaill, a chríochnaigh inné, nó ‘Féile an Phobail’ i mBéal Feirste, a thosaigh ag an deireadh seachtaine agus a bheas ar siúl go dtí an Domhnach seo.

Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Mhuire Loch an Iúir le fáil amach uatha cén fhéile cheoil is fearr ag a raibh siad riamh…

Close
Close