Cé air/uirthi a bhronnfá gradam 'Gaeilgeoir na Bliana'?

Agus 2015 ag teacht chun ceann scríbe, chuaigh Meon Eile chun sráide ag fiafrú cé air nó uirthi a bhronnfadh daoine Gradam do Ghaeilgeoir na Bliana, dá mba rud é go raibh a leithéid de ghradam le bronnadh acu.

In ainneoin drochscéal nó dhó, tharla go leor níthe dhearfacha i saol na Gaeilge i rith na bliana idir ghaiscí pobail agus reachtúla agus bhuanna ealaíne agus oideachais.

Osclaíodh Gaelcholáiste Dhoire, fograíodh go mbeidh deireadh le stádas maolaithe na Gaeilge san Aontas Eorpach agus thug breis is 10,000 duine le fios go raibh siad i bhfách Acht Gaeilge i bpróiseas comhairliúcháin an earraigh.

Chuaigh muidne ag fiosrú faoi na daoine a rinne éacht ar son an phobail i mbliana…

Barúil ón Bhosca
Close
Close