Barúil ón Bhosca - An Ghaeilge Rónaofa?

Agus an Cháisc díreach thart cuireadh ceist in oifig Meon Eile a thug orainn dul amach i measc an phobail agus an cheist chéanna a chur, is é sin an mbíonn muintir na Gaeilge rónaofa ina gcuid cainte?

Is ábhar é seo is dócha nach ndéanann daoine mórán machnaimh air ó lá go lá ach tá ‘Dia duit’, ‘Bail ó Dhia ort’, ‘Dia leat’ , ‘Buíochas le Dia’ agus go leor frásaí mar iad sa chaint go minic.

Ach an gcuireann sé seo isteach ort? An bhfuil an Ghaeilge ró-chráifeach?

Labhair Meon Eile le Daithí Ó Muirí agus Edel Ní Churraoin le fáil amach cén freagra a bhí acu…

Barúil ón Bhosca - An Ghaeilge Ró Naofa
Close
Close