Barúil ón bhosca - An dán is ansa leat?

Inniu ar ‘Barúil ón Bhosca’ tá cúrsaí filíochta á bplé ag triúr a bhfuil grá agus meas acu ar an fhilíocht.

Deirtear go bhfuil faoiseamh le fáil i bpeann a chur le páipéar agus do chuid mothúchán a scaoileadh saor.

Baineann muid úsáid as filíocht le cur síos a dhéanamh ar go leor eachtaí inár saolta, idir throm agus eadrom. Is iomaí uair a ndeirtear dán ag bainiseacha agus tórraimh.

Le sé seachtaine anuas bhí feachtas ag RTÉ darb ainm ‘A Poem for Ireland’ ina raibh siad ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann na 10 dán is ansa leo le céad bliain anuas a ainmniú.

Tráthnóna aréir d’fhógair Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, dán an fhile Seamus Heaney, ‘When All the Others were Away at Mass’, mar an dán is ansa linn le 100 bliain anuas.

Craolfar clár speisialta don tsraith ‘The Works’ oíche amárach ina mbeidh ceiliúradh agus ómós ar fhillíocht na hÉireann agus Seán Heaney ach go háirithe.

Chuaigh Meon Eile ag caint le triúr faoin dán is ansa leo…

Barúil ón bhosca - Dán is ansa leat?
Close
Close