Deirtear go mbaineann níos mó ná 60% de mhuintir an domhain leas as dhá theanga nó níos mó ina saol laethúil.
De réir a chéile tá níos mó aitheantais á thabhairt ag rialtais ar fud an domhain do chearta mionlaigh a dteanga féin a úsáid agus iad ag plé leis an státchóras, cearta páistí scolaíocht a fháil trí mheán na teanga sin san áireamh.
Ach caide faoi anseo in Éirinn? Cad iad na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge, an bhfuil go leor tacaíochta agus spreagtha fud fad na tíre?
Chuir Meon Eile ceist ar Choncubhar Ó Liatháin, a bhfuil cónaí air i mBéal Feirste, agus ar Phádraig Ó Sé, atá lonnaithe i gCiarraí, faoina dtuairimí féin ar an chás…