Barúil ón Bhosca – Táillí Uisce ó Dheas

Tá tús a chur againn inniu le sraith úr dar teideal ‘Barúil ón Bhosca’. Gach seachtain, déanfaidh cainteoirí cumasacha a gcuid tuairimí a mhalartú faoi cheisteanna atá ag cothú achrainn, nó leoga grinn, sa phobal.

Tá aighneas na dtáillí uisce mar chéad ábhar na sraithe. Os cionn 120,000 duine a ghlac páirt i léirisithe mórthimpeall na hÉireann ag an deireadh seachtaine lena míshástacht a léiriú faoi na táillí úra agus faoi Uisce Éireann.

Tá raon leathán níthe faoi Uisce Éireann ag cothú buairimh i measc an phobail: sonraí pearsanta á gcur ar fáil d’eagras a d’fhéadfadh a bheith príobháidithe amach anseo, táille a n-íoc ar sholáthar nach bhfuil ar chaighdeán sásúil, córas íocaíochta bonáis d’fhostaithe an chomhlachta.

Níl anseo ach roinnt de na rudaí atá ag cothú teannais.

Vótáil Seannadóirí an Lucht Oibre leis an fhreasúra Dé Céadaoin agus rún á chur os comhair an tSeannaid chun reifreann a reáchtáil faoi úinéireacht phoiblí na seirbhíse.

Labhair muidne le beirt ó cheantracha éagsúla den tír atá ar mhalairt tuairimíochta faoin cheist choinspóideach…

Close
Close