Barúil ón bhocsa - Madaí ar iall

Deirtear gurb é an madadh an cara is fearr dá bhfuil againn, ach ar chóir go mbeadh ár gcara ar iall againn agus muid in áit phoiblí?

Tá go leor cainte faoi reachtaíocht mhadaí anseo ó thuaidh ó bhí mí Bealtaine ann.

Ba ansin a chuir Comhairle Aontroma Thoir tús le próiseas comhairliúcháin agus iad ag fiosrú an mbeadh daoine ar son cosc a chur ar mhadaí bheith in áiteanna éagsúla.

Bhí 96 áit ar an liosta a bhí acu, páirceanna imeartha ar an Bhaile Meánach, ar an Chionn Bán agus in Inis Glas ina measc.

Dúradh fosta go mbeadh pionós de £80 ar dhuine ar bith le madaí acu sna ceantair seo, fiú mas rud é go raibh siad ar iall.

Tugadh le fios go raibh úinéirí madaidh ar buille faoin phróiseas seo agus bhí breis agus 100 duine i láthair lag agóid lena míshástachta a chur in iúl.

Chuir an Chomhairle deireadh leis an phróiseas comhchomhairle seo tamall gairid ina dhiaidh seo agus anois tá caint ann faoi áiteanna áirithe a chur ar fáil do mhadaí amháin, clóis ina mbeidh siad ábalta a bheith saor agus gan iad a bheith ar iall.

Sa reachtaíocht atá ann faoi láthair ó thuaidh agus ó dheas caithfidh úinéirí bheith freagrach as a gcuid madaí féin agus iad in áit phoiblí. Caithfidh siad a bheith cinnte go bhfuil smacht acu orthu.

Ciallaíonn seo go bhfuil siad ar iall agus go bhfuil béalóg orthu mas gá.

Ach bhfuil muid dian go leor ag déanamh cinnte go bhfuil na rialacha seo curtha i bhfeidhm mar is ceart? Ar chóir go mbeadh an reachtaíocht seo ann ar an chéad dul síos?

Phléigh Meon Eile na ceisteanna seo le beirt le fáil amach cad iad na tuairimí atá acu faoi mhadaí i spásanna poiblí…

Madaidh ar iall
Close
Close