Ashley Madison - an ndearnadh feall?

Bhí sé ina rírá nuair a sceitheadh eolas pearsanta ar líne fúthu siúd atá cláraithe ar an suíomh gréasáin adhaltranais, Ashley Madison. Suíomh is ea é don duine atá ar lorg leannán luí le cois a leannáin féin. “Life is short, have an affair” atá mar mhana an tsuímh.

I dtús an fhómhair, sceith haiceálaithe ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhálacha de 38 milliún duine ó cheithre haird na cruinne a bhí cláraithe leis an tseirbhís; 115,000 acu siúd in Éirinn.

Chuaigh na raflaí ó bhéal go béal fá dhaoine ó bhailte beaga agus bailte fearainn a bheith cláraithe leis an suíomh.

Tá Ashley Madison ag rith leis i gcónaí cé go raibh sárú ollmhór déanta ar an suíomh. Deir lucht eagraithe an tsuímh go leanfar lena seirbhís as siocair éileamh na ndaoine.

An raibh an ceart ag lucht haiceálaithe na sonraí a chraobhscaoileadh go domhanda? An bhfuil an ceart ag duine ar bith a bheith i mbun breithiúnais ar ghníomhaíochtaí an duine eile?

Chuir muid an cheist ar bhosca na seachtaine seo…

Barúil ón Bhosca - Ashley Madison
Close
Close