Ar chóir cosc iomlán a chur ar an chearrbhachas i measc imreoirí CLG?

Cearrbhachas, alcólachas, an galar dubhach agus eile – bíonn na fadhbanna seo ar ár gcuid laochra spóirt chomh maith leis an gnáthdhuine, agus tá an scéal céanna amhlaidh i measc imreoirí CLG.

Cuirfear rún os comhair Chomhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael ag an deireadh seachtaine a bheidh ag iarraidh míchlú a tharraingt ar imreoirí, bainisteoirí agus réiteoirí a chuireann geall ar chluiche lena bhfuil siad bainte.

Tá imní ag méadú faoin oiread cearrbhachais atá ag tarlú i measc ball CLG agus tá fonn ar dhaoine na rialacha coiscthe céanna atá ann maidir le spóirt eile a chur i bhfeidhm sa pheil Ghaelach agus san iománaíocht.

Tá iar-imreoirí peile cosúil le Oisin McConville, Niall McNamee, chomh maith leofa siúd atá go fóill ag imirt ar nós Cathal McCarron, tar éis labhairt amach go poiblí faoin andúil sa chearrbhachas a bhí acu agus an dóigh go ndearna sé scrios ar a saol.

Aithníonn siad go bhfuil go leor daoine ann atá ábalta dul chuig na geallghlacadóirí, geall a chur síos agus an imeacht arís, ach tá sé deacair éalú uaidh má tá dúil agat ann… agus d’fheadfadh na mílte mílte punt a chailleadh agus a bheith báite i bhfiacha taobh istigh d’am iontach gairid!

Fosta, deir siad uilig go bhfuil an cearrbhachas ar cheann de na hábhair cainte is coitianta sna seomraí feistis, agus go mbíonn na himreoirí iad féin ag cur geall ar na cluichí CLG, cluichí s’acu féin go minic.

Ach an bhfuil cearrbhachas ina cuid de chultúr an spóirt? An bhfuil fadhb ann i measc imreoirí CLG? Agus má tá, cén dóigh is fearr dul i ngleic leis an fhadhb seo?

Ar chóir cosc iomlán a chur ar an chearrbhachas i measc imreoirí CLG? Chuir muid an cheist seo ar an phobal lena dtuairimí a fháil ar an ábhar?

Close
Close