An mbeidh reifreann neamhspleáchais eile in Albain ar chor ar bith mar sin?

Tar éis vóta 69 i gcoinne 59 Dé Máirt, tá Parlaimint na hAlban ag iarraidh cead a fháil ó Westminster an dara reifreann a ghairm faoi neamhspleáchas na tíre. Is é Brexit, agus na himpleachtaí a bhaineann leis, a spreag an vóta is déanaí seo.

Ní féidir an dara reifreann a reachtáil áfach ach amháin le cead ó Londain, rud nach bhfuil Príomh-Aire na Breataine Theresa May sásta a dhéanamh faoi láthair. 

An mbeidh reifreann neamhspleáchais eile in Albain ar chor ar bith mar sin? 

Labhair Meon Eile le Tomás Ó Néill agus Feargal Mac Ionnrachtaigh faoin cheist.

Close
Close