Ní bheidh bean ina sagart riamh. Sin atá ráite ag an Phápa Proinsias.
D’ardaigh iriseoir an cheist leis agus é ag taisteal ar ais ón tSualainn le déanaí.
Dúirt sé go seasann ráiteas Phápa Eoin Pól II ar an ábhar sa bhliain 1996 go fóill, is é sin gur fir amháin a bhí mar dheisceabail ag Íosa agus mar sin nach dtiocfadh le mná a bheith mar shagairt.
Bhí an Pápa Proinsias sásta staidéar a choimisiúnú i mbliana áfach faoi mhná a bheith ina ndéagánaigh ag an Eaglais.
Is féidir le déagánaigh a bheith ag seanmóireacht agus a bheith i mbun searmanas éagsúil ar nós baistí, tórraimh agus sochraidí.
Fir amháin atá mar dhéagánaigh san Eaglais Chaitliceach faoi láthair ach tá fianaise ann go raibh mná ina ndéagánaigh san am a chuaigh thart.
Ceist chasta atá ann agus an Eaglais Chaitliceach ag iarraidh tuilleadh daoine a mhealladh chuig an ghairm.
An mbeidh mná riamh ina sagairt?
Labhair Meon Eile le beirt atá ina mná rialta faoin ábhar.