An mbeidh le Nicky Byrne ag an Eoraifís?

Anocht, beidh Nicky Byrne, iar-amhránaí Westlife, san iomaíocht ar son na hÉireann i mbabhta cáilithe leathcheannais na hEoraifíse. 100/1 an praghas atá a thairiscint ag an gheallghlacadóir, Paddy Power, ar bhua Byrne.

Níl ag éirí go maith linn sa chomórtas le blianta beaga, cé go bhfuil sé buaite againn faoi seacht ó bunaíodh é. Beidh ar Nicky Byrne teacht tríd an bhabhta leathcheannais anocht lena amhrán ‘Sunlight’ má tá sé le bheith san iomaíocht oíche Dé Sathairn sa bhabhta ceannais. Is i Stócólm na Sualainne atá Eoraifís na bliana seo.

Tá cáil ar chur chuige scafánta, spleodach, stráiciúil an chomórtais amhránaíochta. Tá an comórtas clúiteach idir chamáin againn ar bhosca na seachtaine seo!

Eoraifís
Close
Close